English to Irish: Translations - Brian Friel General field: Art/Literary Detailed field: Cinema, Film, TV, Drama | |
Source text - English ACT 2
The sappers have already mapped most of the area. YOLLAND’S official task, which OWEN is now doing, is to take each of the Gaelic names – every hill, stream, rock, even every patch of ground which possessed its own distinctive Irish name – and Anglicize it, either by changing it into its approximate English sound or by translating it into English words. For example, a Gaelic name like Cnoc Ban could become Knockban or – directly translated – Fair Hill. These new standardized names were entered into the Name – Book, and when the new maps appeared they contained all these new Anglicized names. OWEN'S official function as translator is to pronounce each name in Irish and then provide the English translation.
The hot weather continues. It is late afternoon some days later.
Stage right: an improvised clothes-line strung between the shafts of the cart and a nail in the wall; on it are some shirts and socks.
A large map – one of the new blank maps – is spread out on the floor. OWEN is on his hands and knees, consulting it. He is totally engrossed in his task which he pursues with great energy and efficiency.
| Translation - Irish GNÍOMH 2
Tá léarscáileanna déanta den chuid is mó den cheantar ag na sapair faoin am seo . Tá dualgas oifigiúil ag YOLLAND, rud atá EOGHAN a dhéanamh anois. Tá orthu gach aon logainm Gaelach- gach carn, gach sruth agus carraig, fiú gach píosa talaimh a bhfuil agus a raibh ainm éagsúil Gaeilge aige a ghalldú agus ainm Béarla a chur air. Déantar é seo in dhá bhealach áirithe: fuaim an Bhéarla á chur ar an logainm nó an litriú a athrú agus é a dhéanamh galldaithe. Cuir i gcás: Chuirfí ‘Knockban’ ar bhunainm ar nós ‘Cnoc Bán’ nó d’aistreofaí go ‘Fairhill’ é. Go stairiúil, cuireadh na hainmneacha nua caighdeánaithe seo isteach i ‘Leabhar na nAinmneacha’, agus de réir a chéile, foilsíodh léarscáileanna agus na hainmneacha nua-chumtha breactha orthu. Is aistritheoir é Eoghan a bhfuil mar fheidhm oifigiúil aige gach uile áit a fhuaimniú mar is ceart agus aistriúchán Béarla a chur ar fáil do na sapair.
Leanann an samhradh te leis. Mall tráthnóna atá ann cúpla lá ina dhiaidh sin. AR DHEIS AN STÁITSE: tá line éadaí sealadach curtha in airde idir dhá chos an chairt agus tairne sa bhalla. Tá roinnt léinte agus stocaí crochta suas air chomh maith.
Tá léarscáil mhór- ceann de na léarscáileanna bána úra leagtha amach ar an urlár agus feictear EOGHAN ar a cheithre bhoinn ag amharc uirthi. Tá sé go hiomlán sáite ina chuid oibre; rud a dhéanann sé go bríomhar agus go héifeachtach.
|