Dar le muintir Akimel Oʼodham as Arizona gurbh é an féileacán, Cherwit Make (déantóir an domhain), athair an chine dhaonna agus na n-ainmhithe uile, gur tháinig sé síos ar foluain ó na scamaill chuig na hAillte Gorma[…] agus gur chruthaigh sé na daoine as a chuid allais féin. Dá mhéad daoine a bhí ann, is ea is mó leithleachais agus naimhdis a tháinig eatarthu agus, dá bhrí sin, bhí olc ar Cherwit Make faoina dhéantús agus shocraigh sé ar na daoine go léir a bhá.[…]
Ba ann do Hauk, deamhan na sléibhte, a ghoideadh a n-iníonacha agus a dhíothódh a mic. […] Lean sé isteach i Sléibhte na Piseoige é go tostach; chuir sé deoch shuain san fhíon cachtais a bhí le riar ag a iníon air; ansin, agus mearbhall tagtha ar an mbithiúnach tar éis dó é a ól, nocht Suha as a chró folaigh lena chloigeann a scoilteadh. […]
Glacann muintir Akimel Oʼodham chomh daingean sin leis an tairngreacht nach rachaidh siad trasna Shléibhte na Piseoige, toisc gur ansin atá Cherwit Make ina shuí — ag fanacht go mbeidh go leor urchóide eatarthu chun an domhan mór a threascairt le farraige ollmhór a choinnítear taobh thiar den sliabhraon.