Deireann na Pima-Indiaigh Arizona go bhfuil an féileacán, Cherwit Make (an cruthaitheoir domhain), an t-athair don uile dhuine agus don uile ainmhithe. Bhuail sé a tsciatháin agus tháinig sé síos óna scamaill go dtí na hAillte Gorma, agus rinne sé neach daonna as a hallais féin. Dá mhéad a mhéadaigh an líon daoine, is amhlaidh is mó a tháinig leithleachas agus frithghaotha orthu. Bhí déistin air ar a chuid oibre agus shocraigh sé gach éinne a bhá. Bhí Hauk amháin ann - diabhal na sléibhte, diabhal á ghoid na hiníonacha agus á mharú na mic. Lean sé é isteach sna Superstition Mountains; chuir sé deoch shuain ina chuid fíona cachtas, fíon a d'fhreastalódh an iníon dó níos déanaí; agus tar éis an fhíona ólta aige, tháinig Suha amach as a háit fholaigh agus thug sé greasáil ó thalamh don drochmhianach a bhí d'alltacht air. Creideann na Pima-Indiaigh chomh láidir an fháidheadóireacht sin, go ní théann siad trasna na Superstition Mountains, mar suíonn Cherwit Make ansin - agus sé ag fanacht an t-iomlán des na gníomhartha gránna a dhéanfaidh siad - chun farraige mhór a scaoil amach, farraige a bhfuil druidte taobh siar des na sliabhraonta.  | Entry #39775 — Variant: Not specifiednone
|
Dar le muintir Akimel Oʼodham as Arizona gurbh é an féileacán, Cherwit Make (déantóir an domhain), athair an chine dhaonna agus na n-ainmhithe uile, gur tháinig sé síos ar foluain ó na scamaill chuig na hAillte Gorma[…] agus gur chruthaigh sé na daoine as a chuid allais féin. Dá mhéad daoine a bhí ann, is ea is mó leithleachais agus naimhdis a tháinig eatarthu agus, dá bhrí sin, bhí olc ar Cherwit Make faoina dhéantús agus shocraigh sé ar na daoine go léir a bhá.[…] Ba ann do Hauk, deamhan na sléibhte, a ghoideadh a n-iníonacha agus a dhíothódh a mic. […] Lean sé isteach i Sléibhte na Piseoige é go tostach; chuir sé deoch shuain san fhíon cachtais a bhí le riar ag a iníon air; ansin, agus mearbhall tagtha ar an mbithiúnach tar éis dó é a ól, nocht Suha as a chró folaigh lena chloigeann a scoilteadh. […] Glacann muintir Akimel Oʼodham chomh daingean sin leis an tairngreacht nach rachaidh siad trasna Shléibhte na Piseoige, toisc gur ansin atá Cherwit Make ina shuí — ag fanacht go mbeidh go leor urchóide eatarthu chun an domhan mór a threascairt le farraige ollmhór a choinnítear taobh thiar den sliabhraon.  | Entry #39716 — Variant: Not specifiednone
|
"An Áirc ar Shliabh Superstition" i Finscéalta Mheiriceá – Sléibhte Superstition, le Charles Skinner. Deir muintir Pima in Arizona gurbh é an féileacán athair na bhfear agus na n-ainmhithe uile. Cherwit Make ab ainm dó, rud a chiallaíonn 'Déantóir an Domhain'. Deirtear gur tháinig sé anuas ó na scamaill go dtí na hAillte Gorma agus gur chruthaigh sé daoine as a chuid allais féin. De réir mar a mhéadaigh líon na ndaoine, d'éirigh siad leithleach agus achrannach. Bhí Cherwit Make míshásta lena shaothar féin dá bharr agus bheartaigh sé iad go léir a bhá. Bhí Hauk amháin ann, diabhal na sléibhte, a ghoid a n-iníonacha agus a mharaigh a mic. Lean sé go ciúin é isteach sna Sléibhte Supersistion agus chuir sé druga sa bhfíon déanta as cactus a bhí le tabhairt ag a iníon dó. Ansin, nuair a bhí an fíon ólta aige, thaing Suha amach as a áit folaithe agus d'fhág sé dath na ndaol air an amadán. Tá muintir na bPimaí chomh mór sin ag brath ar an bhfáistine seo nach dtrasnóidh siad an Beanna Piseog. Nach dtrasnóidh siad, mar tá Cherwit Make ina shuí ansin, ag fanacht go sroichfidh a n-oclas a bhuaicphointe, ionas go bhféadfaidh sé farraige mhór chumhachtach a scaoileadh ar an domhan, farraige atá coinnithe siar taobh thiar den sliabhraon.  | Entry #39710 — Variant: Not specifiednone
|